Seachtain na Gaeilge: Meánscoil San Nioclás - ‘Leagfaidh tua bheag crann mór’

Seachtain na Gaeilge: Tá an-áthas orainn páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge agus cuid de na tograí spreagúla Gaeilge ar bronnadh an Séala Eorpach Teanga orthu roimhe seo a chur ar taispeáint. Maria Ní Dhonnabháin, Múinteoir Amharcealaíne agus GCE i Meánscoil San Nioclás a chuir an méid seo leis. Chomh maith leis sin, tá Maria ina comhordaitheoir ar dhá thionscadal Séala Eorpach Teanga a bhfuil duaiseanna buaite acu in 2022: “Ar dTuras Inbhuanaithe” agus “Éagóir Shóisialta ar fud an domhain." 

Tugann an seanfhocal Gaeilge seo le fios gur féidir le gníomhais bheaga difríocht mhór a dhéanamh. Is scoil bheag tuaithe í Meánscoil San Nioclás atá suite ar an gCósta an Chopair sa Rinn i nGaeltacht na nDéise.

Déanann an Roinn Ealaíne agus an Roinn Oideachais Shaoránacht Dhomhanda anseo a ndícheall  saincheisteanna domhanda a chur in iúl, agus aird a tharraingt orthu trí go leor céimeanna beaga, chun meas ar chách a chothú, muintearas le comhdhaonnacht a thógáil, agus chun cabhrú lenár bhfoghlaimeoirí a bheith ina saoránaigh dhomhanda atá freagrach agus gníomhach. 

 

animation still
Trí chláir éagsúla Leárgas bhaineamar úsáid as ár dteanga dhúchais i gcomhar le hAmharc-ealaín agus Dearadh, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda a bhaineann le nádúr sóisialta, polaitiúil, eacnamaíoch agus comhshaoil. Áirítear leis seo Inbhuanaitheacht, Féiniúlacht Chultúrtha agus Éagsúlacht, Gníomhú ar son na hAeráide, chomh maith le Cruthaitheacht agus Teicneolaíocht san Oideachas.

Creidimid go ndéanann na céimeanna beaga seo difríocht mhór maidir le cuidiú lenár ndaoine óga na croí-inniúlachtaí a fhorbairt a ligeann dóibh dul i ngleic go gníomhach leis an domhan, agus a chuidíonn le háit níos córa agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de. Is éard atá i gceist leis an gcineál seo foghlama ná rannpháirtíocht ghníomhach na mac léinn i dtionscadail a thugann aghaidh ar shaincheisteanna domhanda de chineál sóisialta, polaitiúil, eacnamaíoch nó comhshaoil. 

DJI_0108
Trí mheán eTwinning agus Erasmus+ tá an deis againn dul i ngleic agus comhoibriú le scoileanna Eorpacha eile a roinneann ár bhfís, ag baint úsáide as teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide ar bhealach bríoch, ag baint leasa as ár scileanna san 21ú haois.

Tríd an tacaíocht a chuirtear ar fáil trí chláir Leargas bhí deis againn foclóir Gaeilge ar théama inbhuanaitheachta a fhorbairt, mar aon le ceithre theanga bhreise. Tá iris ar líne i nGaeilge forbartha againn a leagann béim ar an tábhacht a bhaineann le maireachtáil inbhuanaithe. Táimid tar éis taisteal go dtí go leor tíortha Eorpacha chun ár dteanga agus ár gcultúr a roinnt, agus bhí an deis againn óstáil a dhéanamh ar dhaltaí Eorpacha ón bhFionlainn, ón nGearmáin, ón Ostair agus ó Phoblacht na Seice anseo i nGaeltacht Phort Láirge, agus ár dteanga agus ár dtraidisiúin dhúchais a aibhsiú.

Le déanaí bhí deis againn píosa beochana a fhorbairt, ‘Social Justice around the World’, inar leag na daltaí béim ar an gcaoi a dtéann topaicí ar nós Cogadh, Gorta agus Athrú Aeráide i bhfeidhm ar imirce domhanda. Sa bheochan seo leagtar béim ar go bhfuil an plainéad s’againne ag cur thar maoil le cultúr, ealaíona agus teangacha. Cuireann na gnéithe sin le saibhreas ár saoil agus tugann siad braistint d’fhéiniúlacht agus de phobal dúinn ar fad.  Tá ceangal ag gach aon duine dínn le cultúr éigin agus athraíonn an cultúr sin ar fud an domhain.

Is cuma an iad traidisiúin, teanga, spórt, ceol, bia, luachanna nó ealaíona agus ceardaíocht a bhíonn i gceist, táimid ar fad ceangailte le chéile tríd ár gcultúr féin.  Is gá ar gcultúir leithleacha féin a chosaint agus a chaomhnú. 

D’éirigh thar barr leis an tionscadal seo agus tugadh aitheantas dó le roinnt Dámhachtainí Náisiúnta agus Eorpacha.

 Tríd ár dtionscadail go léir táimid i gcónaí ag forbairt cumarsáide agus caidreamh laistigh den seomra ranga agus lenár gcomhpháirtithe tionscadail, ag cur béime ar an nGaeilge agus ag an am céanna ag forbairt go leor nasc traschuraclaim trasna na scoile. Thosaigh mé an post seo le seanfhocal, agus críochnóidh mé le ceann a thugann tuiscint gur féidir linn níos mó a dhéanamh má oibrímid le chéile.

'Ceart go cur le chéile’. 

 

 

Irish Language week 2023 Saint Nicholas Secondary School- Bringing living Irish to the class room through art and dialogue

We are delighted to join Seachtain na Gaeilge and showcase some of the inspiring Irish language projects that were awarded the European Language Label. This is a contribution from Maria Ní Dhonnabháin, a Visual Art and GCE Teacher at Meánscoil San Nioclás.  Maria is also the coordinator of two award-winning European Language Label projects in 2022: “Ar dTuras Inbhuanaithe” and “Eágóir Shóisialta ar fud an domhain”.

 
‘Leagfaidh tua bheag crann mór’- Bringing living Irish to the class room through art and dialogue 
 
This old Irish proverb suggests that small deeds can make a big difference.  Meánscoil San Nioclás is a small rural school situated on the Copper Coast in An Rinn in the Waterford Gaeltacht. The Art Department and the Global Citizenship Education Department here strive to communicate and highlight global issues through many small steps to nurture a respect for all, build a sense of belonging to a common humanity and to help our learners become responsible and active global citizens. Through various Leárgas Programmes we have used our native language in conjunction with Visual Art and Design to address global issues of social, political, economic and environmental nature. This includes Sustainability, Cultural Identity and Diversity, Climate Action, along with Creativity and Technology in Education. 
 
We believe that these small steps make a big difference in helping our young people develop the core competencies which allow them to actively engage with the world and help to make it a more just and sustainable place. This form of learning involves students' active participation in projects that address global issues of a social, political, economic, or environmental nature. Through eTwinning and Erasmus+ we have the opportunity to engage and collaborate with other European schools who share our vision using information and communication technology in a meaningful way, making the most of our 21st-century skills.  
 
Through the support offered through Leargas programmes, we have had the opportunity to develop a sustainability-themed dictionary in Irish along with 4 additional languages. We have developed an online magazine in Irish highlighting the importance of Sustainable living. We have travelled to many European countries to share our language and culture and had the opportunity to host European students from Finland, Germany, Austria and Czec h Republic here in the Waterford Gaeltacht and highlight our native language and traditions.   
 
Recently we had the opportunity to develop an animation piece, ‘Social Justice around the World’ where students highlighted how topics such as War, Famine and Climate Change affect global migration. In this animation it is emphasised that our planet is bursting with culture, arts, and language. These things help enrich our lives and give each of us a sense of identity and community. Every one of us is connected to culture, which varies worldwide. Whether it is traditions, language, sport, music, foods, values, or arts and crafts, we are all connected to each other through our own culture and our individual cultures are something that must be protected and preserved. This project was successful and recognised with several National and European Awards. Through all of our projects, we are constantly developing communication and rapport within the classroom and with our project partners emphasising the Irish Language while also developing many cross-curricular links across our school.  I began this post with an old proverb, and I shall end with which suggests that we can do more if we work together.  ‘Ní neart go cur le chéile’.  
 

 

 

 

Chun tuilleadh eolais a fháil:

Eli Babei

Oifigeach Tionscnaimh Teanga

Email: ebabei@leargas.ie

Tel: (01) 8871223

 

 

Signup to our Newsletter