M’eispéireas as Ghailís

Trí chomhpháirtíocht Malartú Scoile Erasmus+ tháinig scoláirí agus múinteoirí ó scoil an Ardeaspaig

Mc Hale (i dTuam, Co. na Gaillimhe) le chéile lena gcomhscoláirí sa Ghailís i dtuaisceart na Spáinne. D’oibrigh na scoileanna le chéile chun ábhar nua don Idirbhliain a cheapadh agus a thabhairt

isteach: "Endangered languages, cultural diversity and integration in the EU of the XXI Century". (Teangacha i mbaol, éagsúlacht chultúrtha agus cuimsiú san AE sa XXI Aois). San ábhar seo baintear úsáid as staidéar na Gaeilge, an Bhéarla, na Gailísise agus na Spáinnise mar straitéis um éagsúlacht chultúrtha ar mhaithe le cuimsiú sóisialta i ngach scoil. Rinne na scoláirí staidéar ar ghnéithe cultúrtha áitiúla sa cheithre theanga agus mhalartaigh na múinteoirí dea-chleachtais. Sa phóstáil seo, roineann an scoláire Melissa de Róiste ó scoil an Ardeaspaig Mac Hale a heispéireas ar a bheith ag obair ar an tionscadal i bPonteras na Gailíse ar feadh seachtaine amháin agus í ag obair le scoláirí ansin mar chuid den tionscadal.

M'eispéireas as Ghailís

D’eitil muid ó Aerfort Bhaile Átha Cliath maidin Déardaoin.  Shroicheamar aerfort Vigo iarnóin Déardaoin agus chuamar díreach go dtí Pontereas ar an mbus. Bhí na radharcanna tíre go hálainn. Bhí béile againn leis na daltaí Gailísise agus na múinteoirí. Tar éis an bhéile chuamar go dtí caint faoin mbaile Pontearas i halla na cathrach.  Chuamar go dtí teach ár dteaghlach óstach.

Ar an Aoine bhíomar ag foghlaim Gailísise agus Yogote agus chuamar ar turas stairiúil chuig Castro de Trona agus ''an chloch ghrá'. Bhaineamar an-sult as an lá.

Thugamar cuairt ar oileán Shan Simon ar an Satharn a d'fheidhmigh mar choraintín blianta ó shin. Bhaineamar sult as an tírdhréach álainn agus bhí seans againn roinnt siopadóireachta a dhéanamh i Vigo. Bhí an t-ionad siopadóireachta go maith agus bhí go leor siopaí suimiúla agus difriúla ann.

Chuamar chuig cathair Santiago ar an Domhnach. Shiúil muid an ciliméadar deireanach do Chamino de Santiago agus ansin bhí siulóid threoraithe againn timpeall na cathrach. D'fhoghlaim muid faoin nasc láidir idir Éire agus An Ghailís. Thugamar cuairt ar scoil Éireannach (Coláiste Naomh Pádraig) bunaithe ag Domhnall Ó Súilleabháin sa 17ú haois - an dara gaelscoil is sine lasmuigh d'Éirinn an am sin inar múineadh an Ghaeilge idir 1610-1769. Bhí an dealbh is sine de Naomh Pádraig lasmuigh d'Éire ar taispeáint sa scoil. Thugamar cuairt ar Ard-Eaglais Santiago freisin. Is cathair ghalánta í agus bhí lá iontach againn.

Bhíomar sa seomra ranga ar an Luan chun cleachtadh a dhéanamh ar ár gcuid Gailíse agus chun staidéar a dhéanamh ar an eisimirce sa Ghailís. Rinneamar tionscadal ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir an dá thír. Chuamar chuig an chathair álainn 'Tui' agus chuig 'Valenca' sa Phortaingéil san iarnóin. Shiúileamar ar an droichead idir na cathracha agus ba bheag nár thit cúpla duine ach bhí gach rud ceart go leor.

Bhí lá sportúil againne ar an Máirt.  Chuamar chuig ceann de na scoileanna agus chruthaíomar cairpéad as bláthanna. Chuireamar suaitheantas Pontereas agus Tuaim le chéile.  Ghlacamar páirt i mblitz chomórtas sa pheil Ghaelach. Bhí an aimsir  go hálainn agus muid ag imirt. Ag deireadh an lae fuair gach duine t-léine nua ón lá.

Nuair a bhí na daltaí Gailísise in Éirinn i mí Dheireadh Fómhair 2017 chumamar scéal/ script le chéile. Tá an script bunaithe ar Cúchualainn agus an  “Santa Compana”, miotas ón nGailís. Chasamar ar an scéal seo arís ar an Aoine agus chaitheamar maidin dé Céadaoin ag obair i ngrúpaí chun na carachtair, na suíomhanna agus an teidéal a fhorbairt. Cuireadh lón blasta ar fáil dúinn i bPiccola, bialann Iodálach i bPontereas. Bhí an bia blasta ach ní raibh aon piotsa gan ghlútan agus ar an drochuair ní raibh mé in ann é a ithe.

Bhí cath millíní péinte idir na Gailísigh agus na hÉireannaigh i Vigo san iarnóin. Nílimid cinnte fós cé a bhuaigh. I mo thuairimse féin bhuaigh na hÉireannaigh (ach ní aontaíonn na daltaí Gailísise) agus bhí an-chraic againn i mbun cogaidh.

D’fhágamar ár soraidh céad slán lenár gcáirde Gailísise ar an Déardaoin. Síleadh neart deora ar maidin nuair a bhí gach duine ag fagáil slán.  Is léir go raibh cuimhní dodhearmadtha déanta againn tar éis an malartú Erasmus+.

Bhain mé an taitneamh as an turas. Tá cairde an-mhaith déanta agam agus tá brón orm anois mar tá an malartú críochnaithe. Bhí am iontach againn agus d’fhoghlaim muid an-chuid faoin nGailís.

Faigh tuilleadh eolais ar Chomhpháirtíochtaí Malartú Scoile agus conas is féidir le do scoil a bheith rannpháirteach ann (as Béarla)


Images courtesy of Archbishop McHale school. We welcome contributions to 'Insights' at comms@leargas.ie.

Signup to our Newsletter